Féinghráin nó Féinghrá? Le hÉadaí nó Gan Éadaí?

Is liomsa amháin mo thuairimí atá leagtha amach agam thíos, agus le haon duine eile. Is féidir libh bhur gcinneadh féin a dhéanamh ar an ábhar seo.

‘Cén fáth gur dúlraí tú? Nach bhfuil aon eagla (nó náire) ort go bhfeicfí tú i do chraiceann dearg?‘

Nó abairt éigin mar sin a chloisfear má deir tú le duine éigin faoi do stíl mhaireachtála nochtach. Eagla. Náire. Ach, ní mhothaím mar sin agus mé nocht. A mhalairt mar a tharla. Táim lán sásta i mo chraiceann féin, táim níos eolaí ar cad atá ionam agus glacaim le mo chorp. Is é an soitheach amháin atá agam le haghaidh dul ó phointe A go pointe B de mo shaoil, ‘sé an scéal céanna linne go léir. Canathaobh ar chóir dom gráin bheith agam ar mo chorp nocht? Deirim cheana nach bhfuil gráin agam ar bheith nocht, ach caithfidh mé a admháil gurb é sin an cás nuair atáim i m’aonar nó i measc mo threabh féín – dúlraithe eile. Má chasann dúlraí le duine eile (nach bhfuil ina ndúlraí) ar an trá nó amuigh faoin tuath, is ar an dúlraí a chuirfear an náire ag an duine a chaitheann éadaí (ach, tá seans ann nach cuma leis an duine a chaitheann éadaí agus ní chuirfidh siad isteach ort).

Bhí mé ag smaoineamh ar seo le déanaí. An ionainn féinghráin agus caitheamh éadaí, agus féighrá agus an nochtachas? Tá fhios agam go bhfuilim claonta ó thaobh na dúlrachais de agus ar ndóigh déarfaidh mé go bhfuil féinghrá orm féin toisc gur dúlraí mé. Ach, caithimis súil ar an duine a chaitheann éadaí agus a ndearcadh ar a gcorp féin.

Is é mo thuairim go bhfuil féinghráin ar go leor de na daoine a chaitheann éadaí. Nílim ag maíomh gurb é seo an cás do ghach duine, táim lán cinnte go bhfuil daoine ann a bhaineann an-sult as bheith ag caitheamh éadaí, go gcuireann sé an oiread sin gliondar ar a gcroí é sin a dhéanamh agus a chuireann sé gliondar ar mo chroí gan iad a chaitheamh. Ach, táim cinnte go bhfuil daoine ann nach bhfuil sásta lena gcoirp agus is mian leo a gcruth a chur faoi cheilt ón saol mór. Mar tharlaíonn sé, leigheasann éadaí an ‘fhadhb’ seo. Mar aon leis, cothaíonn ár smaointe diúltacha fúinne leis an dearcadh faoinár gcoirp. Ní nach ionadh go bhfuil féinghráin ar go leor daoine dóibh féin.

Ach, conas a leigheastar an ghráin seo? Ar ndóigh, mholfainn dúlrachas daoibh, chomh fada is go bhfuil sibh compórdach leis an mol seo. Ar dtús, nílim ag maíomh go bhfuil an dúlrachas oiriúnach do ghach duine ar fud na cruinne, braitheann sé go hiomlán ar an duine. Dóibh siúd atá fiosrach ar shaol an nochtachais, áfach, mholfainn é. Ar a laghad, bain triail as uair amháin, i do sheomra, i do theach, i do gháirdín, nó pé áit phríobháideach mhothaíonn tú sabháilte bheith nocht. Bain do chuid éadaí díot, agus bainfear na smaointe diúltacha leo. Breathnaigh ort féin; is iad ár gcoirp ár scéalta féin. Caithfear é a léamh, a thuiscint agus a glacadh. Ar bhealach amháin, is ionainn iniúchadh ar do cruth nocht agus athshealbhú ar do chorp óna drochsmaointe sin. Má ghlacann tú le do shoitheach nocht amháin sa shaol seo, is ansin a bheidh féinghrá ort féin.

I ndeireadh na ndála, is ortsa an chinneadh.

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *